Scip. Nasc. | Rochtain / Cabhair | Mapa an tSuímh | Cuardaigh | null | Members   
The National Counselling Service
   
A- | A + 
  
English | Gaeilge   
     
  Baile | Eolas maidir le Tionchar na Mí-úsáide | Eolas Comhairleoireacht | Faoinár Seirbhísí | Naisc | Taighde / Acmhainní | Preas & Meáin 
     
          Baile > Eolas maidir le Tionchar na Mí-úsáide > Sainmhíniú  

Sainmhíniú

Cad is mí-úsáid leanaí ann? 

Is féidir mí-úsáid leanaí agus faillí, ar a dtugtar drochíde leanaí corruair, a shainmhíniú mar seo a leanas:

Gach cineál drochíde, bíodh sí ina drochíde fhisiciúil nó mhothúchánach, mí-úsáid ghnéasach, faillí nó úsáid fhaillíoch nó dúshaothrú tráchtála nó eile a bhfuil díobháil nó díobháil fhéideartha do shláinte, do mharthanas, d’fhorbairt nó do dhínit an linbh mar thoradh air, i gcomhthéacs an chaidrimh freagrachta, mhuiníne nó chumhachta ( World Report on Violence and Health WHO, 1999; le foilsiú [2002]).

Seo a leanas na cúig mhórchineál mí-úsáide leanaí: mí-úsáid fhisiciúil; mí-úsáid ghnéasach; faillí agus úsáid fhaillíoch; mí-úsáid mhothúchánach agus dúshaothrú.

 

Mí-úsáid Fhisiciúil

Barr

Is éard is mí-úsáid fhisiciúil ann ná aon chineál gortaithe nach dtarlaíonn trí thaisme a bhfuil díobháil shuntasach do leanbh mar thoradh air, iad seo a leanas san áireamh: croith; rófhórsa a úsáid i láimhseáil; nimhiú de bhun tola; plúchadh; baol substaintiúil mórdhíobhála do leanbh a cheadú nó a chruthú; agus siondróm Munchausen trí mheán na hionadaíochta (nuair a chumann tuismitheoirí scéalta faoina leanbh a bheith tinn nó nuair a chúisíonn siad comharthaí fisiciúla de thinneas) (Children First Summary, 1999).

Samplaí eile de mhí-úsáid fhisiciúil a bhainfí as leanbh ná nuair a chúisítear díobháil fhisiciúil nó díobháil fhéideartha de bharr gnímh nó easpa gnímh, atá go réasúnta faoi smacht tuismitheora nó faoi smacht an duine atá i gcáil freagrachta, chumhachta nó mhuiníne. Is féidir go mbeidh teagmhas amháin nó roinnt teagmhas ann (WHO, 1999).  

 

Mí-úsáid Ghnéasach

Barr

Is éard is mí-úsáid ghnéasach linbh ann ná nuair atá baint ag leanbh le gníomhaíocht ghnéasach nach dtuigeann sé nó sí go hiomlán, nach bhfuil sé nó sí in ann toiliú eolasach a thabhairt í a dhéanamh, nó nach bhfuil an leanbh ullmhaithe go forbartha dó agus a sháraíonn dlíthe nó teireanna sóisialta na sochaí (WHO, 1999).  Tarlaíonn mí-úsáid ghnéasach nuair a úsáideann duine fásta (nó leanbh eile atá i gcáil freagrachta, mhuiníne nó chumhachta de bharr aoise nó forbartha) leanbh le haghaidh a s/hásaimh nó a m(h)úscailte gnéasaí féin nó do dhaoine eile.

I measc samplaí de mhí-úsáid ghnéasach tá:

Nochtadh na n-orgán gnéasach nó aon ghníomh gnéasach a dhéantar d’aon ghnó i láthair linbh; baint nó ainteagmháil le leanbh d’aon ghnó, cibé acu an duine nó rud atá i gceist le haghaidh an tsásaimh ghnéasaigh; glacaireacht i láthair linbh nó ag cúisiú go mbeidh baint ag an leanbh le gníomh na glacaireachta; caidreamh collaí leis an leanbh, cibé acu an caidreamh béil, faighne nó anasach é (Children First Summary, 1999).  Féadfaidh siad seo a leanas a bheith san áireamh chomh maith, ach níl sé teoranta dóibh: comhéigean linbh chun dul i ngleic le gníomh gnéasach neamhdhleathach; úsáid dúshaothraithe linbh i striapachas nó cleachtais ghnéasacha neamhdhleathacha; agus úsáid dúshaothraithe leanaí i dtaibhiú agus ábhair phornagrafaíochta (WHO, 1999).  

 

Faillí agus úsáid fhaillíoch

Barr

Is éard is faillí agus úsáid fhaillíoch ann ná neamhghníomh an chúramóra soláthar a dhéanamh d’fhorbairt an linbh i ngach gné dá saol: sláinte, oideachas, forbairt mhothúchánach, cothaíocht, foscadh agus dálaí maireachtála sábháilte, i gcomhthéacs acmhainní atá ar fáil go réasúnta ag an teaghlach nó na cúramóirí. Áirítear leis seo teip maidir le leanaí a mhaoirsiú agus a chosaint go ceart ó dhíobháil a mhéid agus is féidir (WHO, 1999).

Éiríonn faillí feiceálach ar bhealaí éagsúla thar am in áit ag am amháin faoi leith. Mar shampla, má tá ag teip ar leanbh go leanúnach aon mheáchan a chur suas nó má tá siad an-ghairid, is féidir nach bhfuiltear ag soláthar cothaíocht leordhóthaineach dóibh.  Sroichtear tairseach na díobhála suntasaí nuair a dhéantar oiread faillí ar riachtanais linbh go gcuirtear isteach go mór ar leas/fhorbairt an linbh sin (Children First Summary, 1999)

 

Mí-úsáid Mhothúchánach

Barr

Áirítear le mí-úsáid mhothúchánach teip maidir le timpeallacht atá oiriúnach ó thaobh na forbartha agus na tacaíochta a sholáthar chun gur féidir leis an leanbh raon cobhsaí iomlán d’inniúlachtaí mothúchánacha agus sóisialta a fhorbairt. Ina measc seo tá an tuismitheoir/cúramóir gan a bheith ar fáil don leanbh go mothánach agus tarlaíonn sé nuair nach gcomhlíontar riachtanais linbh maidir le gean, formheas, comhsheasmhacht agus slándáil.

Is féidir chomh maith go ndéantar gníomhartha leis an leanbh a chúisíonn díobháil do shláinte nó d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach, spioradálta, mhorálta nó shóisialta an linbh.

I measc na ngníomhartha mí-úsáide mothúchánacha tá srianadh gluaiseachta, beag is fiú a dhéanamh den leanbh go rialta, milleán, bagairt, síorcháineadh, scanradh, idirdhealú, fonóid, nó cineálacha neamh-fhisiciúla eile den úsáid naimhdeach nó dhiúltach (WHO, 1999). I measc samplaí eile de mhí-úsáid mhothúchánach tá: a bheith ag súil le nithe neamh-chomhsheasmhacha nó mí-oiriúnacha ón leanbh;  ag tabhairt freagrachta don leanbh róluath; neamhchosaint ó fhoréigean teaghlaigh (CFS, 1999)

 

Dúshaothrú

Barr

Baineann dúshaothrú tráchtála nó dúshaothrú eile ar leanbh le húsáid an linbh in obair nó le haghaidh leasa daoine eile. Tá fostú agus striapachas linbh san áireamh leis seo, ach níl sé teoranta dóibh.  Déanann na gníomhaíochtaí seo díobháil do shláinte fhisiciúil nó mheabhrach an linbh, chomh maith lena n-oideachas, forbairt mhorálta nó shoch-mhothúchánach (WHO, 1999).

 

   
Search
Custom Search

   

   

phone

ROI 1800 477 477
NI & UK 00 800 477 477 77
Opening Times
Wednesday to Sunday
6.00pm -10.00 pm

       
Séanadh | Polasaí maidir le Príobháideachas